Baineann an cheist seo le halt a bhí ar Journal.ie le déanaí. Is ceist í atá ardaithe agam agus ag daoine eile i dTithe an Oireachtais. Baineann sí le cláir do leanaí ar nós "Bluey" nó "Dora". Bíonn an clár “Dora” ar TG4 agus bíonn “Bluey” ar RTÉ. Tá geo-bhlocáil á dhéanamh. San alt céanna, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge:
Tá sé scannalach, beagnach 30 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil RTÉ iad féin ag déanamh socruithe clár teilifíse a cheannach agus a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus ansin bac a chur...[orthu siúd] do phobal na Gaeilge atá lonnaithe sna sé chontae.
Bhí leanaí Phádraig ag baint sult as "Bluey" trí Ghaeilge agus iad ar saoire I dTír Chonaill. Nuair a d'fhill siad abhaile, áfach, bhí "Bluey" imithe don seinnteoir. Tá muid anois tamall maith de bhlianta ó Chomhaontú Aoine an Chéasta inar glacadh leis go ndéanfaí cinntí le déanamh cinnte de nach mbeadh cosc nó baic maidir le cothú agus forbairt na teanga.