◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2022-03-01

Gnó na Dála - Business of Dáil

CC Seán Ó Fearghaíl · Kildare South · Gaeilge

Party shown is the one held on 2022-03-01, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Cuirtear tús inniu le Seachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge lena ndéantar ceiliúradh ar ár dteanga agus ár gcultúr dúchais. Leanann Seachtain na Gaeilge ar aghaidh ón gcéad lá de Mhárta go dtí an seachtú lá déag agus, le linn an ama sin, d’iarrfainn ar na Comhaltaí Gaeilge a úsáid sna himeachtaí aon am is féidir libh. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh freisin chun a chur in iúl do na Comhaltaí go bhfuil grúpaí stiúrtha bunaithe anois don Dáil agus don Seanad d’fhonn úsáid na Gaeilge sna himeachtaí sa dá Theach a chur chun cinn.

Is cuid den tionscnamh ‘An Ghaeilge sa Teach’– an gníomh ríthábhachtach i Straitéis na Gaeilge, 2021 – iad na grúpaí sin. Déanfar na grúpaí stiúrtha a sheoladh an tseachtain seo chugainn agus beidh an Leas-Cheann Comhairle agus Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, faoi seach, ina gcathaoirligh ar na grúpaí sin.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 162 words across 1 contributions by 1 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

grúpaí 4
gaeilge 5
himeachtaí 2
stiúrtha 2
comhaltaí 2
seachtain 2
úsáid 2
ghaeilge 2
d’iarrfainn 1
teach’ 1
gcathaoirligh 1
seachtú 1

The full debate

All 1 contribution, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

CC Seán Ó Fearghaíl · Gaeilge this contribution

Cuirtear tús inniu le Seachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge lena ndéantar ceiliúradh ar ár dteanga agus ár gcultúr dúchais. Leanann Seachtain na Gaeilge ar aghaidh ón gcéad lá de Mhárta go dtí an seachtú lá déag agus, le linn an ama sin, d’iarrfainn ar na Comhaltaí Gaeilge a úsáid sna himeachtaí aon am is féidir libh.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh freisin chun a chur in iúl do na Comhaltaí go bhfuil grúpaí stiúrtha bunaithe anois don Dáil agus don Seanad d’fhonn úsáid na Gaeilge sna himeachtaí sa dá Theach a chur chun cinn. Is cuid den tionscnamh ‘An Ghaeilge sa Teach’– an gníomh ríthábhachtach i Straitéis na Gaeilge, 2021 – iad na grúpaí sin. Déanfar na grúpaí stiúrtha a sheoladh an tseachtain seo chugainn agus beidh an Leas-Cheann Comhairle agus Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, faoi seach, ina gcathaoirligh ar na grúpaí sin. Guím gach rath orthu ina gcuid oibre leis an gcuspóir tábhachtach seo thar ár gceann.