◎ OireachtasDB

Seanad Éireann · 2022-03-01

Gnó an tSeanaid - Business of Seanad

CC Joe O'Reilly · Labour Panel · Gaeilge

Party shown is the one held on 2022-03-01, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Sula nglaoim ar Cheannaire an Tí, tá ráiteas beag le léamh agam faoi Sheachtain na Gaeilge agus na grúpaí stiúrtha. Cuirtear tús inniu le Seachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge lena ndéantar ceiliúradh ar ár dteanga agus ár gcultúr dúchais. Leanann Seachtain na Gaeilge ar aghaidh ón 1 Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig agus, le linn an ama sin, iarraim ar Sheanadóirí an Ghaeilge a úsáid sna himeachtaí aon am is féidir leo.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh freisin chun a chur in iúl do Chomhaltaí go bhfuil grúpaí stiúrtha bunaithe anois don Seanad agus don Dáil d’fhonn úsáid na Gaeilge sna himeachtaí sa dá Theach a chur chun cinn. Is cuid den tionscnamh 'An Ghaeilge sa Teach', gníomh ríthábhachtach i Straitéis na Gaeilge, 2021, iad na grúpaí sin.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 119 words across 1 contributions by 1 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

grúpaí 6
gaeilge 6
stiúrtha 3
úsáid 3
himeachtaí 2
ghaeilge 3
fhéile 2
mise 2
beag 2
seachtain 2
tseachtain 2
teach' 1

The full debate

All 1 contribution, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

CC Joe O'Reilly · Gaeilge this contribution

Sula nglaoim ar Cheannaire an Tí, tá ráiteas beag le léamh agam faoi Sheachtain na Gaeilge agus na grúpaí stiúrtha. Cuirtear tús inniu le Seachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge lena ndéantar ceiliúradh ar ár dteanga agus ár gcultúr dúchais. Leanann Seachtain na Gaeilge ar aghaidh ón 1 Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig agus, le linn an ama sin, iarraim ar Sheanadóirí an Ghaeilge a úsáid sna himeachtaí aon am is féidir leo. Tá sé sin iontach tábhachtach.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh freisin chun a chur in iúl do Chomhaltaí go bhfuil grúpaí stiúrtha bunaithe anois don Seanad agus don Dáil d’fhonn úsáid na Gaeilge sna himeachtaí sa dá Theach a chur chun cinn. Is cuid den tionscnamh 'An Ghaeilge sa Teach', gníomh ríthábhachtach i Straitéis na Gaeilge, 2021, iad na grúpaí sin. Déanfar na grúpaí stiúrtha a sheoladh an tseachtain seo chugainn agus beidh an Leas-Cheann Comhairle agus mise mar Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, faoi seach, ina gcathaoirligh ar na grúpaí sin. Beidh mise i mo chathaoirleach ann. Guím gach rath ar na grúpaí ina gcuid oibre leis an gcuspóir tábhachtach seo thar ár gceann. Tá sé sin an-tábhachtach. Molaim díobh giota beag Gaeilge a úsáid an tseachtain seo. Úsáidigí cúpla abairt aon seans a fhaigheann sibh.