Tá tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil leasaithe déanta ag an eagraíocht ar na córais agus an cur chuige riaracháin a bhí in úsáid roimhe seo chun measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar na pleananna teanga atá aontaithe agus á bhfeidhmiú ag a chuid cliantchuideachtai. Tuigtear dom go bhfuil an córas sin i bhfeidhm ó bhí tús 2022 ann agus go bhfuiltear ag leanúint an chórais, dá réir. Tá ráite ag an údarás go mbaineann an tríú gné den obair seo le taighde a choimisiúnaigh an eagraíocht atá dírithe ar …