Aithním an imní atá ar an Teachta Ó Snodaigh maidir leis an gceist áirithe seo. Tá sé le feiceáil go minic agam go bhfuil Tithe an Oireachtais tiomanta dhá-theangachas a chruthú sna Tithe seo. Mar a dúirt mé cheana, tuigfidh an Teachta gur ghnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta agus nach bhfuil aon ról agam mar Aire ann. Is gnó é chomh maith do chomhlachtaí poiblí iad féin a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Tuigtear dom go maith gur reac…