Tuigim gach rud atá ráite ag an Teachta. Tá mé féin agus an Teachta Catherine Martin ag bord an Rialtais. Is é seo an chéad uair le blianta anuas a bhfuil beirt Airí as an Roinn a bhfuil freagrach as an nGaeltacht ag bord an Rialtais. Beimid ag obair go dlúth le Conradh an Gaeilge agus le gach coiste Gaeilge. Aontaím go mór leis an Teachta agus a buairt faoin nGaeilge agus faoi na Gaeltachtaí. Tá mé ag súil le bheith ag obair leis an Teachta. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta Collins ar a ceist.