Mar a dúirt mé, tá sé an-tábhachtach an plean infheistíochta seo a scrúdú. Tá mo Roinn i dteagmháil le Conradh na Gaeilge an t-am ar fad maidir le gach rud. Tá sé tábhachtach go bhfuil an plean seo ag Conradh na Gaeilge. Mar is eol don Teachta, is ar fheidhmiú leanúnach an plean gníomhaíochta don Ghaeilge agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá clár oibre mo Roinn dírithe. Go deimhin, sheol mé an tríú tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn an phlean ghníomhaíochta le déanaí ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne…