◎ OireachtasDB

← All members

Official photograph of Jack Chambers

Jack Chambers

Rhetoric & votes →
Dublin West · active 2020-03-26 to 2026-09-23
1,883Contributions
1,077Votes cast
99.4%On prevailing side
719Tá
355Níl
3Staon

On prevailing side: this member voted with the winning side in 1,068 of 1,074 decisive votes (3 abstentions excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the government of the day and near 0% for those opposing it.

Party over time

This is the point of the site: contributions keep the party held on the day, not the one held now.

PartyRecorded asContributionsPeriod
FF Fianna Fáil 1,883 2020-03-26 – 2026-09-23

Membership spells on record: FF 2016-03-10–2020-01-14 · FF 2020-02-08–2024-11-08 · FF 2024-11-29–present

Record

FF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Maidir le leasú Uimh. 11, ní bheidh mé á ghlacadh toisc go bhfuilim den tuairim nach bhfuil gá lena leithéid de leasú. Tá an Rialtas tiomanta chun an Bhille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, rud atá á dhéanamh agam. I mo thuairimse, tá córas faireacháin den scoth beartaithe agam leis an méid atá sa Bhille cheana féin. Mar a mhínigh mé ar an Dara Céim, beidh suíocháin ag oifigigh de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an gcoiste agus táim…

FF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as ucht an leasaithe seo. Is leasú de chuid an Rialtais a bhí san alt seo agus, dar liom, tá an fhoclaíocht atá ann sásúil mar atá. Mar is eol don Teach, tá sá i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Chomh maith leis sin, tá mo Roinn ag fé…

FF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Pléifidh mé leasuithe Uimh. 13 agus 14 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht leasú Uimh. 13 a mholadh. Tá mo leasú féin, leasú Uimh. 14, á mholadh agam don Teach a chlúdaíonn an t-ábhar úd, agus mar sin ní bheidh mé ag glacadh le leasú Uimh. 13. Mhol na Seanadóirí Kyne, Clifford-Lee, Ó Donnghaile, Warfield, Boylan agus Gavan leasú Uimh. 14 ar Chéim an Choiste sa Seanad agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí sin as ucht a…

FF 2021-12-08 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach Seanadóir a labhair le linn na díospóireachta ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 sa Teach seo. Is mian liom an deis a thapú chun buíochas speisialta a chur in iúl don Seanadóir Kyne, iar-Aire Stáit le freagreacht as an nGaeltacht, a d'fhoilsigh an Bille seo dhá bhliain ó shin. Tá a fhios agam gur chuir an Seanadóir go leor oibre isteach sa Bhille agus ba mhaith liom m'aitheantas a thabhairt don obair sin. Sular dréachtaíodh an Bille seo, cuireadh tréimhse …

FF 2021-12-07 · Dail
Dublin Bay Bill 2021: First Stage

No.

FF 2021-12-07 · Dail
Residential Tenancies (Amendment) (Extension of Notice Periods) Bill 2021: First Stage

No.

FF 2021-12-01 · Dail
Gnó na Dála - Business of Dáil

It is proposed, notwithstanding anything in Standing Orders or in the Order of Business of yesterday, that No. 4, Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2021 - Second Stage (resumed), shall be taken immediately following the conclusion of No. 11, motion regarding the Planning and Development (Amendment) (Large-scale Residential Development) Bill 2021, referral to select committee, and the following arrangements shall apply: the second reading of the Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill…

FF 2021-11-30 · Dail
Sectoral Employment Order (Electrical Contracting Sector) 2021: Referral to Joint Committee

I move: That the proposal that Dáil Éireann approves the following Order in draft: Sectoral Employment Order (Electrical Contracting Sector) 2021, a copy of which has been laid in draft form before Dáil Éireann on 19th November, 2021, be referred to the Joint Committee on Enterprise, Trade and Employment, in accordance with Standing Order 95(5), which, not later than 7th December, 2021, shall send a message to the Dáil in the manner prescribed in Standing Order 101, and Standing Order 100(2) shall accordingly apply…

FF 2021-11-30 · Dail
Planning and Development (LRD Fees) Regulations 2021: Referral to Joint Committee

I move: That the proposal that Dáil Éireann approves the following Regulations in draft: Planning and Development (LRD Fees) Regulations 2021, a copy of which has been laid in draft form before Dáil Éireann on 24th November, 2021, be referred to the Joint Committee on Housing, Local Government and Heritage, in accordance with Standing Order 95(5), which, not later than 7th December, 2021, shall send a message to the Dáil in the manner prescribed in Standing Order 101, and Standing Order 100(2) shall accordingly app…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Maidir le leasú Uimh. 1, aontaím go mbeadh sé tairbheach míniú a thabhairt ar "inniúlacht" ach ní shílim gurb í an reachtaíocht an áit chuí lena leithéid. Ar bhonn praiticiúil, ní céim chun cinn a bheadh ann bac a chur ar dhaoine le togha Gaeilge labhartha ach gan an cumas céanna scríofa ag leibhéal B2 cur isteach ar chuid de na poist seo. Is é sin a tharlódh dá ndéanfaimis míniú a thabhairt ar céard is inniúlacht ann sa Bhille féin, mar atá molta sa leasú seo. Aithnítear leibhéal B2 go forleathan ar fud na cruinne…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Pléifimid leasuithe Uimh. 2 agus 3 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna atá siad. Tá leasú Uimh. 3 á mholadh ag Sinn Féin agus ag na Seanadóirí Kyne agus Clifford-Lee. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as an leasú a mholadh don Teach. Tá an cheist seo pléite ag oifigigh mo Roinne le Conradh na Gaeilge le seachtainí beaga anuas. Dá bharr sin, ba mhaith liom go mbeidh sé sonraithe sa Bhille gur daoine "ón mbainistíocht shinsearach" den chomhlacht a cheapfar chun formheas a dhéanamh ar chomhl…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Ní fheicim go mbeadh fiúntas le leasú Uimh. 4 a chur san áireamh sa Bhille. Comhlíonann an Bille agus, go deimhin, an tAcht féin, seirbhísí Stáit. Is san earnáil phríobháideach a bhaineann go leor de na heagraíochtaí atá luaite ag an Seanadóir. Titeann go leor de na pointí atá ardaithe aige i réimsí atá taobh amuigh de scóip an Achta toisc go bhfuil go leor de na heagraíochtaí atá clúdaithe sa leasú ag feidhmiú san earnáil phríobháideach. Ní thagann sé sin le cuspóir an Bhille. Mar is eol don Seanadóir, is é príomh…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 5 toisc gur ghnó é de Thithe an Oireachtais gach Bille agus gach Acht an Oireachtais a chur i gcló agus a fhoilsiú sa teanga oifigiúil. Tuigim go bhfuil iarrachtaí ar bun chun tuilleadh acmhainní a dhíriú ar an obair aistriúcháin seo agus is céim thábhachtach í seo a léiríonn don phobal go bhfuil deiseanna fostaíochta ar fáil in earnáil na Gaeilge agus sa státchóras. Mholfainn don Seanadóir teagmháil a dhéanamh le Coimisiún Thithe an Oireachtais chun an cheist seo a ardú freisi…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Ní féidir liom glacadh le moladh an tSeanadóra sa chás seo mar go dtiteann an leasú seo taobh amuigh de scóip an Achta, is é sin taobh amuigh de ghnó na hearnála poiblí. Chomh maith leis sin, is gnó don chúirt é a chinntiú go bhféadfadh aon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is ansa don duine sin. Má tá an Stát nó comhlacht poiblí mar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair na cúirte, baineann an Stát nó an comhlacht poiblí úsáid as an teanga oifigiúil, Béarla nó Gaeilge, atá roghnaithe ag an bpáirtí eil…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Ní thagann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, atá faoi scáth na Roinne Iompair, faoi scóip an Bhille seo nó scóip an phríomh-Achta. Tuigtear dom, áfach, gur chuir an Roinn Iompair scéim phíolótach ar bun ar an ábhar atá ardaithe ag an Seanadóir roinnt blianta ó shin ach níor leanadh ar aghaidh leis sin. Is féidir liom deimhniú don Seanadóir gur phléigh mé an cheist seo leis an Aire píosa siar agus d’iarr mé air athbhreithniú a dhéanamh air. Leagtar amach sa Bhille na cumhachtaí atá ag an Aire maidir le hordú logainmn…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tairiscint ghníomhach, go háirithe chun daoine a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a éileamh agus a úsáid. Tuigim go bhfuil an tairiscint ghníomhach mar chuid lárnach den chur chuige ó thaobh cúrsaí teanga de sa Bhreatain Bheag. Ba mhaith liom cinntiú go ndéanfaimid amhlaidh anseo in Éirinn agus dá bhrí sin táim ag súil go mbeidh an tairiscint ghníomhach luaite go sonrach sna caighdeáin teanga atá á réiteach agus atá le teacht in áit córas na scéimeanna teanga. Tá oifigigh mo Roin…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Leis an leasú teicniúil seo, bainfear an focal “fógrán” ó alt 9(1) den phríomh-Acht. Tá an leasú de dhíth mar go dtagann an fhoclaíocht mar atá sí faoi láthair salach ar an bhfoclaíocht nua atá beartaithe don Bhille in ailt 9(2) agus 9(3) maidir leis an bhfógraíocht. Molaim an leasú seo don Teach.

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as ucht an leasaithe seo a leagan síos. Mar is eol don Seanadóir, de réir leasú a mhol mé ar Chéim Thuarascála na Dála ar alt 9(2), leathnaíodh oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí i gcás ina ndéanfaidh daoine cumarsáid leo i scríbhinn nó le ríomhphost i dteanga oifigiúil freagra a thabhairt sa teanga chéanna chuig cásanna ina ndéanann daoine cumarsáid le comhlacht poiblí trí na meáin shóisialta. Faoi Alt 9(3) den Acht, cinnteoidh comhlacht poiblí i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i s…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Is mian liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht leasú Uimh. 11. Baineann an fhoráil seo le cearta an duine an leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid chun seoladh nó teideal Gaeilge a úsáid. San alt seo sa Bhille, leasaítear alt 9 den phríomh-Acht agus tugtar isteach le halt 9A dualgas ar chomhlachtaí poiblí forordaithe a éascú go príomha trí choigeartú a dhéanamh ar an gcóras teicneolaíochta faisnéise chun go ndéanfar ainm, lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm, seoladh nó teide…

FF 2021-11-24 · Seanad · Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Mar a dúirt mé, déanfar sin sna caighdeáin a bheidh foilsithe leis an bplean náisiúnta. Tá sé i bhfad níos éifeachtaí an t-ábhar seo a láimhseáil tríd na caighdeáin nua a fhoilseofar agus beimid ag déanamh an phróisis seo tríd na caighdeáin nua a fhoilseofar.

← Previous Page 73 of 95 Next →