← All members
1,883Contributions
1,077Votes cast
99.4%On prevailing side
719Tá
355Níl
3Staon
On prevailing side: this member voted
with the winning side in 1,068 of
1,074 decisive votes
(3 abstentions
excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a
measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the
government of the day and near 0% for those opposing it.
Party over time
This is the point of the site: contributions keep the party
held on the day, not the one held now.
Membership spells on record:
FF
2016-03-10–2020-01-14 · FF
2020-02-08–2024-11-08 · FF
2024-11-29–present
Record
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Is mian liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht an leasaithe seo. Mar a luaigh mé nuair a phléigh muid leasú Uimh. 11, baineann foráil 9(1) le ceart an duine leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid, chomh maith le seoladh nó teideal Gaeilge. Ceanglófar ar chomhlachtaí poiblí éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge agus iad ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí, agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha agus lógónna Gaeilge nó dátheangach a bheith acu.
Dírío…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Pléifidh mé leasuithe Uimh. 15 agus 16 le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Déanann alt 9C cur síos ar dhualgas comhlachtaí poiblí maidir le lógónna nua, go príomha, go gcaithfidh an téacs atá le húsáid ag comhlachtaí poiblí na lógónna a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Thóg mé leasú chun cinn ar Chéim Thuarascála na Dála ag deimhniú gur i nGaeilge a bheidh ainm aon chomhlacht reachtúil a bhunófar. Tá sé tábhachtach go mbeidh dátheangachas ann freisin maidir le comhlachtaí reachtúl…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Baineann alt 19A leis an gcóras teanga. Tá sé i gceist é a thabhairt isteach in ionad chóras na scéimeanna teanga. Tá córas na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair ag brath ar chomhlachtaí san earnáil phoiblí atá liostaithe i Sceideal 1 a ghabhann leis an bpríomh-Acht chun na bearta a leagan amach. Is beart é atá beartaithe acu a ghlacadh chun a chinntiú go soláthróidh siad seirbhísí don phobal trí Ghaeilge agus chun leibhéal na seirbhísí sin a mhéadú ar bhonn breisiúla in imeacht ama. Glactar leis go forleathan …
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Ní féidir liom glacadh leis an leasú seo mar go mbaineann sé le hábhar a thagann faoi scáth na Roinne Dlí agus Cirt. Titeann a leithéid de cheist faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus ní thagann sé faoi scóip an Bhille seo. Chomh maith leis sin, le himeacht ama táim ag súil go mbeidh níos mó eagraíochtaí san earnáil phríobháideach faoi raon feidhme an Achta toisc go bhfuil seirbhís poiblí á sholáthar acu faoi chonradh. Bheadh sé ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís sin ar fáil i nGaeilge. Beidh buntáis…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir as ucht an leasaithe seo a mholadh chuig an Teach. Tá seirbhísí pobal-inrochtana clúdaithe ag leasú a mhol mé agus a glacadh ar Chéim Thuarascála na Dála. Cinnteoidh an leasú sin gurb amhlaidh i gcás ina ndéanann comhlachtaí seirbhís a ngabhann teagmháil leis an bpobal léi a cheannach trí phróiseas soláthair phoiblí nó ar shlí eile, go mbeidh oibleagáidí áirithe teanga ar na soláthróirí seirbhísí a mhéid a bhaineann leis an tseirbhís is ábhartha don chonradh atá i gceist agus …
FF
2021-11-24 · Seanad
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Pléifidh mé leasuithe Uimh. 21, 28 agus 33 le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Is leasuithe de chuid an Rialtais iad na leasuithe seo ar fad.
Maidir le leasú Uimh. 21, is leasú riaracháin atá i gceist sa chás seo a d’eascair as Céim na Tuarascála sa Dáil. Táthar ag iarraidh an téacs a leasú ó “tríd an méid” go dtí “tríd an alt” ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla sa Bhille, a deir “of the following section”.
Is leasú riaracháin atá i leasú Uimh. 28, a d’eascair as Céim na Tu…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as ucht an leasú seo a mholadh don Teach. Sílim go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le cinntiú go mbeidh 5% de bhuiséad fógraíochta comhlachta á chaitheamh ar na meáin Ghaeilge. Tar éis comhairle dlí a fháil ina leith, táim ag súil le mo leasú féin a thabhairt ar aghaidh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeadh na Seanadóirí sásta an leasú seo a tharraingt siar.
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Kyne as leasú Uimh. 23 a mholadh ach ní bheidh mé ag glacadh leis. Beidh suíochán ag oifigigh de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an gcoiste comhairleach agus táim muiníneach go mbeidh siad in ann tuairisciú ar ais chuig an Aire maidir leis an obair sin. Chomh maith leis sin beidh an coiste ag tuairisciú chuig an Rialtas maidir leis an dul chun cinn a dhéantar faoi chuideachta ailt 18F(4) den Bhille mar a sheasann sé faoi láthair. Tá dualgas ar an Aire san …
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tá cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta mar sprioc den straitéis atá ann don státseirbhís do 2030, rud a léiríonn tacaíocht an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Rialtais don togra seo. Is ag mo Roinn atá an saineolas maidir le cúrsaí teanga agus beimid ag obair as lámha a chéile chun na spriocanna sa Bhille a bhaint amach. Tá an Rialtas freagrach do Thithe an Oireachtais chun an plean seo a chur i bhfeidhm. Níl Aire amháin nó Aire eile freagrach as ach tá an Rialtas freagrach as an mBille, an strucht…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Táim buíoch don Seanadóir Kyne as ucht an leasaithe seo ach ní bheidh mé ag glacadh leis. Ní bheidh mé ag lua go sonrach sa reachtaíocht gur duine ag grád príomhoifigigh cúnta a bheidh ceaptha sa ról atá luaite ag an gcoiste comhairleach mar nach mbeadh sé cuí a leithéid a shonrú.
Is féidir liom a dheimhniú don Seanadóir, áfach, go ngnóthóidh mé air sin agus comhaltas an choiste chomhairligh á chur le chéile. Beidh mé ag lorg ionadaíocht shinsearach ó na Ranna agus eagraíochtaí éagsúla.
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Táim buíoch don Seanadóir as ucht an leasaithe seo. Is leasú de chuid an Rialtais a bhí san alt seo. Sílim go bhfuil an fhoclaíocht atá ann sásúil mar atá. Bunófar coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge. Leagtar amach téarmaí maidir lena chomhaltas, lena fheidhmeanna agus lena nósanna imeachta tuairisce. Fágann bunú an choiste chomhairligh go gcuirfear leis an gcaidreamh oibre a bhí ann cheana idir mo Roinn, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoi…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Tá an-iarracht déanta sa Bhille dul i ngleic le dhá mhórcheist: na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhíse trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag comhlachtaí poiblí don phobal. Tá próiseas daingnithe na scéimeanna dúshlánach ach tá dul chun cinn déanta ó thaobh seirbhísí de ó cuireadh na scéimeanna ar bun. Mar sin féin, tá sé aitheanta againn go raibh agus go bhfuil go leor deacrachtaí leis an gcóras.
Chuir an Coimi…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Baineann leasuithe Uimh. 29 agus 30 le chéile toisc go bhfuil siad ar an ábhar céanna. Tar éis dom féachaint ar leasú Uimh. 29 sa chomhthéacs seo, táim muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht mar atá sé sásúil chun an bhrí atá i gceist a chur trasna. Sílim go bhféadfadh míthuiscint a bheith ann faoi céard atá beartaithe sa Bhille. Leagtar amach in ailt 19A(1) agus 19A(2) gur féidir aicmiú na gcomhlachtaí poiblí a dhéanamh. Go praiticiúil, is éard a bheadh i gceist anseo ná go mbeadh na caighdeáin teanga céanna leagtha …
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga in alt 21 den phríomh-Acht. Rinne mé cur síos ar na príomhdhualgais atá ag an gCoimisinéir Teanga i bhfreagra níos luaithe. Anuas ar sin, tar éis dul i mbun comhairliúcháin le hOifig an Choimisinéara Teanga agus tuairimí an choimisinéara agus a chuid oifigeach a fháil, tá sé i gceist ag an Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga mar atá molta i leasuithe an Rialtais. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar fhorál…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Mar a luaigh mé nuair a labhair mé faoi leasú Uimh. 31 níos túisce, leagtar amach feidhmeanna an choimisinéara in alt 21 den phríomh-Acht. Tá na príomh-phointí céanna ábhartha don leasú seo agus mar sin táim den tuairim nach bhfuil an leasú seo ag teastáil. Tá an-chuid plé déanta againn ar Chéimeanna eile sa Dáil ar an ábhar seo agus de bharr sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Thug mé achoimre ar phríomh-dhualgais an Choimisinéara Teanga sa Dáil. Anuas air sin, agus tar éis dul i mbun comhairliúcháin le…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an moladh seo a chur ar aghaidh ach ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Mar is eol don Teach, tá plé leanúnach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is ceist chasta í seo ach táim muiníneach go mbeidh dul chun cinn déanta sa chás seo san athbhliain. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeidh an Seanadóir sásta an leasú seo a tharraingt siar.
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú toisc nach dtagann sé faoi scóip an Bhille.
Mar sin ní bheidh sé cuí é seo a chur san áireamh. Cé nach bhfuil sé iomlán soiléir céard atá i gceist ag an Seanadóir anseo, glacaim leis go bhfuil sé ag déanamh tagairt do chóras ainmniúcháin d’eastáit tithíochta nua. Tá sé i gceist agam an cheist seo a láimhseáil trí na caighdeáin nua agus bheinn ag súil go mbunóidh na comhairlí contae an coiste logainmneacha chun na ceisteanna logainmneacha a phlé. Tá an córas seo i bhfeidhm i nGa…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo mar nach dtagann sé faoi scóip an Achta agus ní bheidh sé cuí é a chur san áireamh sa reachtaíocht seo. Bhí plé agam leis na bainc tamall ó shin nuair a ceapadh sa ról seo mé agus bhí na bainc báúil go maith don Ghaeilge. Táim lánchinnte go mbeidh mé in ann obair as lámha a chéile leis na bainc chun an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí sa chóras baincéireachta.
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Mar aon le leasú Uimh. 36, ní bheidh mé ag glacadh leis. Mar atá sé, tá dualgas reachtúil ag an gCoimisinéir Teanga faoi Acht an Gharda Síochána, 2005 gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht a oiread agus atá é sin indéanta. Tuigtear dom go bhfuil céimeanna á dtógáil ag An nGarda Síochána chun a dhéanamh cinnte de go ndéanfar amhlaidh. Ní miste a rá freisin go dtabharfar aghaidh ar sholáthar gardaí le Gaeilge nuair a bheidh an taighde á dhéanamh ar an bplean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge a chu…
FF
2021-11-24 · Seanad
· Gaeilge
Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
Aontaím le go leor atá ráite ag na Seanadóirí ach is féidir liom a dheimhniú go leanfar leis an gceist seo sa phlean náisiúnta atá leagtha amach sa Bhille. Is é sin an próiseas trína mbeimid ag déanamh go leor rudaí sa phlean náisiúnta atá leagtha amach.