← All members
1,883Contributions
1,077Votes cast
99.4%On prevailing side
719Tá
355Níl
3Staon
On prevailing side: this member voted
with the winning side in 1,068 of
1,074 decisive votes
(3 abstentions
excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a
measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the
government of the day and near 0% for those opposing it.
Party over time
This is the point of the site: contributions keep the party
held on the day, not the one held now.
Membership spells on record:
FF
2016-03-10–2020-01-14 · FF
2020-02-08–2024-11-08 · FF
2024-11-29–present
Record
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tá i gceist trí leasuithe a thabhairt faoi chumhacht an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúil ag comhlachtaí poiblí. Mar a dúirt mé, ní fheictear dom go bhfuil aon ghá fíneáil sa bhreis a thabhairt isteach. Ní raibh sé seo iarrtha ón gCoimisinéir Teanga agus mar sin níl mé ag glacadh leis an leasú seo.
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Ní bheidh mé ag glacadh le leasú Uimh. 10. Tá cuid den fhoráil seo fíorthábhachtach de bharr go bhfuil sé mar chuid den chóras srianta agus ceartúchán agus deimhníonn sé go bhfuil próiseas faireacháin ann ó thaobh na Státchiste de. Is rud caighdeánach é seo agus tá sé sna céadta Achta, mar shampla an tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002 agus an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001. Tá an Rialtas tiomanta chun an mBille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, r…
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 14:
I leathanach 9, línte 5 go 17 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:
“Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 4A agus 4B a chur isteach
3. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:
“Ceann comhlachta phoiblí a cheapadh
4A. (1) Más rud é, de thuras na huaire, nach mbeidh duine ar bith arna cheapadh nó arna ceapadh ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach ar chomhlacht poiblí, féadfaidh an Rialtas, le hordú, duine a shainainmniú chun bheit…
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Maidir leis an gceist a d'ardaigh an Teachta Ó Muimhneacháin, tá an cheist sin clúdaithe sa leasú ach beidh mé sásta labhairt leis faoi. Maidir leis an gceist ón Teachta Ó Snodaigh, níl i gceist agam aon chumhacht a thabhairt do dhaoine sealadacha nach mbeidh ag na daoine buana. Beidh an chumhacht chéanna ag an mbeirt acu.
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tairgim leasú Uimh. 21:
I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:
" Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
"(2) I gcás go ndéanfaidh duine cumarsáid i scríbhinn, leis an bpost leictreonach nó ar na meáin shóisialta, i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.",
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
"(3) I gcás go …
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Maidir leis an méid a dúirt an Teachta McHugh, bhí brón orm an nuacht sin a chloisteáil. Ar dheis Dé go raibh a anam. Duine an-deas ab ea Tom Burke.
Is leasú de chuid an Rialtais é seo. Mar a dúirt mé, faoi láthair foráiltear le halt 9(2) den Acht go ndéanfaidh comhlacht poiblí, i gcás ina dhéantar cumarsáid leis i scríbhinn nó le post leictreonach i dteanga oifigiúil, an freagra a thabhairt sa teanga céanna. Leis an leasú seo, leanfar an oibleagáid sin chuig cásanna ina dhéanann duine cumarsáid le comhlacht poiblí…
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Cén treoirlínte ar mhaith leis an Teachta a bheith clúdaithe? Níor chuala mé an cheist.
FF
2021-10-06 · Dail
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Beidh an stádas céanna ann maidir leis an nGaeilge sa chás seo.
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Ní fheictear dom go dteastaíonn leasú Uimh. 22 nó go bhfuil fiúntas ag baint leis. Baineann an tAcht agus an Bille le seirbhísí Stáit. Baineann cuid de na comhlachtaí atá luaite sa leasú leis an earnáil príobháideach. Chomh maith leis sin, tá i gceist againn déileáil leis go leor de na nithe atá luaite sa leasú sna caighdeáin nua teanga. Níl i gceist agam glacadh leis an leasú seo dá bharr.
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Níl i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 24 mar táim sásta leis an bhfoclaíocht atá luaite sa Bhille cheana. Feictear dom nach bhfuil gá leis an leasú seo mar nuair a chuireann an tAire a tuarascáil faoi bhráid na Tithe, is féidir le haon choiste ar mhian leis an tuarascáil a thógáil agus a phlé agus nílim ag glacadh leis an leasú seo dá bharr.
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Ní bheidh mé ag glacadh le leasú Uimh. 25 i láthair na huaire. Beidh an coiste comhairleach ag déanamh taighde chun plean náisiúnta agus tuarascála a réiteach. Níl sé i gceist agam forálacha eile a chur sa Bhille maidir le tuarascálacha breise. Beidh an chineáil taighde atá luaite sa leasú le déanamh ag eagraíochtaí Stáit ar nós mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Mar shampla, seoladh an taighde a rinne Tuismitheoirí na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge sa theaghlach le déanaí. Mar sin, níli…
FF
2021-10-06 · Dail
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Níl aon rud eile le rá agam.
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Déileálfaidh mé le leasuithe Uimh. 26 go 28, go huile, le chéile. Ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo. Is gnó iad seo do Thithe an Oireachtais agus ní chuireann ceachtar de na trí leasuithe seo leis an mbrí atá leis an méid atá san Acht cheana féin. De réir an Bhunreachta is í an Ghaeilge príomhtheanga náisiúnta na tíre seo. Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil sa tír seo. Ba laghdú stádais a bheadh i gceist leis an bhfoclaíocht atá molta agus, mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis. Cinntíonn an tAc…
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Ní bheidh mé ag glacadh le leasuithe Uimh. 34 agus 37. Is gnó é de Thithe an Oireachtais gach Bille agus gach Acht an Oireachtais a achtú, a chló agus a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla agus teangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh don lucht éisteachta ar aon imeachtaí nó ráitis oifigiúla de chuid an Rialtais. Mholfainn don Teachta an cheist seo a thógáil le Coimisiún Thithe an Oireachtais agus b'fhéidir go mbeadh seans ag an…
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Níl aon rud eile le rá agam faoi.
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Tagann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre faoi scáth na Roinne Iompair. Níl sé ina ábhar don reachtaíocht seo. Tuigim gur ceist í seo atá ardaithe ag Conradh na Gaeilge agus ag daoine eile go minic agus ag an Teachta Ó Dálaigh sa Dáil. Tá a fhios agam gur chuir an Roinn Iompair scéim phíolótach ar bun roinnt blianta ó shin ach níor leanadh ar aghaidh leis sin. Chas mé leis an Aire, an Teachta Eamon Ryan, níos túisce i mbliana chun an cheist seo a phlé agus d'iarr mé air athmhachnamh a dhéanamh air. Ní bheidh mé ag gla…
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Maidir leis na leasuithe atá as ord, níl aon ról agam i ndáiríre i rialuithe a dhéantar maidir le leasuithe a bheith in ord nó as ord. Is ceist don Cheann Comhairle í sin. Mar is eol do na Teachtaí, sa chás go rialaítear leasú as ord tá an deis ag Teachtaí é a athdhréachtú ionas go mbeidh sé in ord do Chéim na Tuarascála. Mura ndéanann Teachtaí é sin, nó má dhéanann siad iarracht ach nach n-éiríonn leo, is leo siúd a bhaineann sé.
Maidir le leasú Uimh. 62, tá tábhacht ar leith ag baint leis an tairiscint ghníomhach…
FF
2021-10-06 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le gach Teachta a ghlac páirt sa díospóireacht seo inniu agus le linn Céim an Choiste. Bhí díospóireacht an-mhaith ann agus bhí ionchur fiúntach ag gach Teachta ar an dá thaobh den Teach. Sílim go bhfuil Bille níos fearr againn dá bharr. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis an Seanadóir Seán Kyne, a fuair cead ón Rialtas roimhe seo an Bille a fhoilsiú dhá bhliain ó shin. Táim ag súil le dul isteach sa Seanad anois leis an mBille a phlé arís.
Luaigh an Ceann Comhairle ag…
FF
2021-10-05 · Dail
Health (Pricing and Supply of Medical Goods) (Amendment) Bill 2021: First Stage
FF
2021-10-05 · Dail
Workplace Ventilation (Covid-19) Bill 2021: First Stage