Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta Ó Cuív, as ucht aird a tharraingt ar an éileamh atá ar oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. Mar Aire Oideachais, teastaíonn uaimse a chinntiú go ndéanfar soláthar cuí do dhaoine óga ar mian leo a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá mo Roinn tiomanta do dheiseanna a chruthú chun oideachas lán-Ghaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé seo ag dul ar aghaidh i gcomhthéacs na bhfógraí maidir le bunú d…