Tá díomá orm nach bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis seo. Déanann sé ciall. Níl ann ach rud a chinnteodh go mbeadh níos mó eolais againn faoi conas mar atá rudaí ag dul agus go mbeadh monatóireacht níos fearr ar fáil. Tar éis cúig bliana, beidh leath an ama idir seo agus 2030 imithe. Is ceann de na fadhbanna é seo. Mar a dúirt mé, beidh sé cosúil leis an daonáireamh. Imeoidh cúig nó sé bliana agus ansin beidh orainn déileáil leis na rudaí a thiteann amach ó na figiúirí. Níl an tAire Stáit chun glacadh leis so tá…