◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2023-07-13

Oifig an Choimisinéara Teanga

GP Catherine Martin · Dublin Rathdown · Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media · Gaeilge

Party shown is the one held on 2023-07-13, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Mar a luadh cheana, ar mhaithe le leanúnachas a chinntiú i bhfeidhmiú chúraimí Oifig an Choimisinéara Teanga, agus tar éis comhairle dlí a fháil ar an ábhar, tá feidhmeanna an Choimisinéara Teanga á dtarmligean chuig stiúrthóir na hoifige, faoi mar a cheadaítear faoi mhír 9 den Dara Sceideal d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cén uair a bheidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha ag an Rialtas? Arís, cén uair a bheidh coimisinéir nua ceaptha ag an Rialtas?

Cén uair a bheidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha ag an Rialtas? Arís, cén uair a bheidh coimisinéir nua ceaptha ag an Rialtas? Fógraíodh ar an 17 Eanáir go raibh an Coimisinéir Teanga ag bogadh ón ról a bhí aige chuig an ról eile, an ról tábhachtach atá aige i gCoimisiún na Meán.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 399 words across 6 contributions by 3 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

teanga 12
choimisinéara 7
próiseas 8
coimisinéir 7
uair 6
cén 6
nua 7
ról 5
ceaptha 4
simplí 4
cuirfear 4
oifigiúla 4

The full debate

All 6 contributions, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Tagraím don Choimisinéir Teanga. Níl aon Choimisinéir Teanga againn. An féidir soiléiriú a thabhairt dúinn cén uair a bheidh Coimisinéir Teanga ann?

GP Catherine Martin · Gaeilge

D'fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí post an Choimisinéara Teanga ar an 19 Bealtaine 2023 le spriocdháta den 8 Meitheamh chun iarratais a dhéanamh. Tuigtear dom go bhfuil an próiseas sin beagnach críochnaithe anois. Agus céimeanna an phróisis earcaíochta leanta go cuí, cuirfear moladh maidir leis an té atá le ceapadh faoi bhráid an Rialtais ar dtús agus ansin cuirfear faoi bhráid Uachtaráin na hÉireann é. Meastar go dtógfaidh an próiseas seo uile thart ar trí mhí ó thús go deireadh. Mar a luadh cheana, ar mhaithe le leanúnachas a chinntiú i bhfeidhmiú chúraimí Oifig an Choimisinéara Teanga, agus tar éis comhairle dlí a fháil ar an ábhar, tá feidhmeanna an Choimisinéara Teanga á dtarmligean chuig stiúrthóir na hoifige, faoi mar a cheadaítear faoi mhír 9 den Dara Sceideal d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na feidhmeanna sin á dtarmligean chuige ón 12 Feabhra 2023 go dtí go gceapfar Coimisinéir Teanga nua.

Is comórtas é seo do phost thar a bheith tábhachtach, ach go háirithe sna blianta amach romhainn agus forálacha an Achta leasaithe ag teacht i bhfeidhm. Beidh dualgais sa bhreis ar Oifig an Choimisinéara ó thaobh monatóireachta de agus maidir le comhairle, treoir agus cuidiú a thabhairt do na comhlachtaí poiblí agus don phobal i gcoitinne. Ni rabhthas ag súil le heirí as iarsealbhóra an róil, ach bhí ar mo Roinn próiseas foirmiúil a thosú chun faomhadh a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta agus Athchóirithe sular aontaíodh an próiseas don chomórtas agus d'ábhair ghaolmhara.

Agus muid ag caint ar an ábhar seo, is fiú an deis a thapú ceiliúradh a dhéanamh ar 20 bliain d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, faoina rinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú. Cé go raibh aitheantas tugtha don Ghaeilge roimhe sin i mBunreacht na hÉireann mar chéad theanga oifigiúil an Stáit, le síniú Acht na dTeangacha Oifigiúla ar an 14 Iúil 2003 tugadh aitheantas agus cosaint reachtúil den chéad uair do chearta shaoránaigh na hÉireann an Ghaeilge a úsáid ina ngnó laethúil leis an Stát. Táthar ag cur tuilleadh leis na cearta sin anois chomh maith le feidhmiú céimiúil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Tá ceist simplí agam. Cén uair a bheidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha ag an Rialtas? Sin cheist thar a bheith simplí. Tuigim an stair agus chomh tábhachtach is atá ról an choimisinéara. Tháinig sé os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go mion minic agus rinne sé agus a fhoireann obair na gcapall go leanúnach. Arís, cén uair a bheidh coimisinéir nua ceaptha ag an Rialtas?

GP Catherine Martin · Gaeilge

Tá ceist simplí agam. Cén uair a bheidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha ag an Rialtas? Sin cheist thar a bheith simplí. Tuigim an stair agus chomh tábhachtach is atá ról an choimisinéara. Tháinig sé os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go mion minic agus rinne sé agus a fhoireann obair na gcapall go leanúnach. Arís, cén uair a bheidh coimisinéir nua ceaptha ag an Rialtas?

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Luaigh an tAire gur tosaíodh an próiseas chun duine nua a earcú sa phost ar an 19 Bealtaine. Fógraíodh ar an 17 Eanáir go raibh an Coimisinéir Teanga ag bogadh ón ról a bhí aige chuig an ról eile, an ról tábhachtach atá aige i gCoimisiún na Meán. Cén fáth gur thóg sé ceithre mhí sular tosaíodh an próiseas earcaíochta? Bhí a fhios ag an Aire, fiú sular fógraíodh é, go raibh sé ag bogadh agus go mbeadh gá leis an bhfolúntas a líonadh. Tá ceithre mhí caillte agus fós níl aon dáta againn do Choimisinéir Teanga nua.

GP Catherine Martin · Gaeilge this contribution

Bíonn céimeanna faoi leith le tógáil i gcónaí i dtaca le próiseas earcaíochta. Bhí curtha in iúl go sonrach cheana féin go dtógfadh an próiseas thart ar trí mhí ó thús go deireadh ach tá sé tugtha le fios ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go raibh na hagallaimh deiridh le tarlú ar an 12 Iúil agus go mbeadh na torthaí ar eolas faoin lá dár gcionn. Is dea-scéal é gan amhras. Mar a dúirt mé, cuirfear moladh maidir leis an té ata le ceapadh faoi bhráid an Rialtais ar dtús agus ansin cuirfear faoi bhráid Uachtaráin na hÉireann é.