◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2024-09-19

An Ghaeltacht

FF Thomas Byrne · Meath East · Minister of State at the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media · Gaeilge

Party shown is the one held on 2024-09-19, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Ó thaobh na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht de, tá mo Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus tá súil agam go gcuirfidh an Roinn sin dréacht treoirlínte ar fáil in am trátha mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Cén uair a bheidh na treoirlínte pleanála Gaeltachta sin foilsithe?

Tá súil agam go mbeidh an Roinn tithíochta in ann na treoirlínte seo a chur ar fáil agus go mbeidh níos mó cabhair ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Gach uair a chuirim ceist ar an Aire go príobháideach, go hoscailte san Dáil nó ag an gcoiste, cuireann sé an milleán ar Roinn an Aire Stáit á rá go bhfuil Roinn an Aire Stáit ag moilleadóireacht, go bhfuil seisean críochnaithe leo agus go bhfuil an locht ar an Roinn Gaeltachta nach bhfuileadar foilsithe.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 543 words across 6 contributions by 2 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

treoirlínte 13
roinn 16
tithíochta 9
gaeltachta 10
foilsithe 6
aire 11
ann 9
obair 7
mbeidh 7
siad 7
maidir 7
súil 6

The full debate

All 6 contributions, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Níl a fhios agam an bhfaca sé an clár "Níl Aon Tinteán" ag TG4 an oíche faoi dheireadh, a tharraing aird ar an drochthionchar atá ag an méadú ar lóistín turasóireachta gearrthéarmach agus leithéid Airbnb ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. N’fheadar ar labhair sé leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an gheallúint ar thug seisean go mbeidh na treoirlínte pleanála foilsithe aige gan mhoill. Gealladh an méid sin in 2021. Tá breis ama imithe ó shin agus tá gá le ráiteas maidir leis seo.

FF Thomas Byrne · Gaeilge

Táim an-eolach faoi na dúshláin atá ann do dhaoine áitiúla i gceantair Gaeltachta tithíocht a chur ar fáil agus a fháil ar phraghas réasúnta. Seo dúshlán atá níos leithne ná an Ghaeltacht féin ar ndóigh agus tá an Rialtas seo an-ghníomhach sa réimse seo, mar is léir ó líon na dtithe atá á thógáil anois ar fud na tíre. Tógadh beagnach 33,000 teach in Éirinn anuraidh, an líon is mó le 15 bliana. Cheana féin in 2024, tá tús curtha le beagnach 34,000 teach sa chéad sé mhí den bhliain. Ach go háirithe ó thaobh na Gaeltachta de, tá Bille um Údarás na Gaeltachta á leasú os comhair Tithe an Oireachtais. Táim ag súil le céim ón gcoiste go luath agus tabharfaidh sé seo cumhachtaí nua don Údarás talamh a chur ar fáil le haghaidh tithíocht i gceantair Gaeltachta. Ó thaobh lóistín turasóireacht gearrthéarmach de, cuirfidh an Bille um Ligean Gearrthéarmach agus Turasóireacht bonn reachtúil ar chóras nua clárúcháin le haghaidh ligintí gearrthéarmacha in Éirinn. Tá sé i gceist ag an Aire Martin scéim ghinearálta an Bhille seo a chur os comhair an Rialtas go luath. Ní dhéanfaidh an Bille seo aon athrú ar na riachtanais pleanáil atá ann cheana féin le haghaidh ligintí gearrthéarmacha atá ag feidhmiú in Éirinn, ach cabhróidh sé le húdaráis áitiúla na riachtanais phleanála atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. Cabhróidh an Bille le soiléireacht a thabhairt faoin gcuid is mó de thionscal na turasóireachta agus chun a chinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn inbhuanaithe. Creidim go mbeidh sé seo ina chabhair sa Ghaeltacht go fadtéarmach.

Ó thaobh na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht de, tá mo Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus tá súil agam go gcuirfidh an Roinn sin dréacht treoirlínte ar fáil in am trátha mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Gabhaim buíochas leis an Aire agus fáiltím roimh aon dul chun cinn maidir leis na tithe turasóireachta gearrthéarmacha, Airbnb is a leithéid. Is dea-rud a bheidh ann má tá srianta le bheith curtha orthu le gur féidir le pobal na Gaeltachta teacht ar dídean nó tithe níos buaine ná mar atá acu, má tá siad á lorg. An príomh fáth go bhfuil an cheist seo curtha chuig an Aire ná gur chuireadh an cheist seo go dtí an Aire tithíochta agus dhiúltaigh sé é a fhreagairt. Is eisean an duine a thug an geallúint go mbeidh na treoirlínte foilsithe. Níor tharla sé sin. Cén uair a fhoilseofar iad? Gealladh go mbeadh siad seo foilsithe in 2021 agus féachaimid ar fad an géarchéim atá ann agus ní Airbnbs amháin atá i gceist. Tá cúrsaí pleanála bainteach leis seo. Ní féidir leo siúd a bhfuil suíomh acu tithe a thógáil. Cén uair a bheidh na treoirlínte pleanála Gaeltachta sin foilsithe?

FF Thomas Byrne · Gaeilge this contribution

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá neart oibre ar siúl maidir leis na treoirlínte seo agus go deimhin, is an Roinn tithíochta a eiseoidh iad. Tá siad ag obair inár dteannta maidir leo. Tá an cheist seo casta. B'fhéidir nach bhfuil freagra amháin ar an bhfadhb seo; b'fhéidir go bhfuil níos mó ná freagra amháin uirthi. Caithfimid gach rud a dhéanamh a bheadh féaráilte do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge agus a chuireadh an Ghaeilge chun cinn mar bhunphrionsabal. Tá an obair sin ag leanúint ar aghaidh. Táimse ag súil leis na treoirlínte sin a eisiú, ach ní féidir liom a rá ón uair go ndeachaigh mé isteach sa Roinn go bhfuil sé éasca. Tá neart ceisteanna ag teacht anuas maidir leis seo. Tá súil agam go mbeidh an Roinn tithíochta in ann na treoirlínte seo a chur ar fáil agus go mbeidh níos mó cabhair ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. An rud is tábhachtaí do gach duine sa tír seo, muintir na Gaeltachta san áireamh, ná soláthar i bhfad níos mó tithíochta. Is í sin an fhadhb.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Táimid ar fad den tuairim go bhfuil gá le níos mó tithíocht sa Ghaeltacht agus gur gá dúinn aire a thabhairt nach bhfuilimid ag déanamh an timpeallacht a scriosadh. Is féidir linn an méid seo a dhéanamh. Is é sin an fáth gur gheall an Aire tithíochta go mbeadh na treoirlínte ar fáil. Gach uair a chuirim ceist ar an Aire go príobháideach, go hoscailte san Dáil nó ag an gcoiste, cuireann sé an milleán ar Roinn an Aire Stáit á rá go bhfuil Roinn an Aire Stáit ag moilleadóireacht, go bhfuil seisean críochnaithe leo agus go bhfuil an locht ar an Roinn Gaeltachta nach bhfuileadar foilsithe. Nuair a chuirim ceist ar an Roinn, deireann siad go bhfuil siad ag obair ar aghaidh orthu nó go bhfuileadar leis an Roinn eile. Tá fadhb éigin ann, tá logjam ann agus ní bhaineann sé liomsa nó leis an bpobal, baineann sé leis an dá Roinn. An féidir leis na hAirí atá ag déileáil leo a rá cén uair a bheidh na treoirlínte ar fáil? Mar a dúirt mé, gealladh go mbeadh siad foilsithe i mí na Nollag 2021. Cá bhfuilimid ag anois ach ag druidim le mí na Nollag 2024, trí bliana caite, agus níl siad ar fáil?

FF Thomas Byrne · Gaeilge

Mar a dúirt mé, tá an cheist seo casta agus tá rudaí atá fós le plé maidir leis seo. Eiseofar na treoirlínte seo ón Roinn tithíochta ach gan aon amhras tá baint ag an Roinn s’againne leo agus táimid ag obair go hinmheánach ag plé na ceisteanna seo. Tá teagmháil idir an dá Roinn agus tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh. Ba mhaith liomsa go n-eiseofar na treoirlínte seo ach caithfidh mé admháil gur ceist chasta atá ann. B’fhéidir nach bhfuil freagra simplí ar an gceist seo. Tá an obair ag leanúint ar aghaidh. Bhí mé ag plé na gceisteanna seo le mo Roinn agus táimid ag iarraidh go n-oibreoidh sé seo agus nach mbeidh ceisteanna sa todhchaí faoi na treoirlínte a eiseofar. Tá mé ag súil le toradh na hoibre atá á dhéanamh agam le hoifigigh agus táim ag súil leis go mbeidh mé ábalta tuilleadh a rá sa todhchaí beag amach romhainn.