◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2025-03-06

Road Projects

FF Aindrias Moynihan · Cork North-West · Gaeilge

Party shown is the one held on 2025-03-06, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Is cúis mhór áthais é dúinn go bhfuil scéim na mbóithre áise geallta mar chuid den chlár Rialtais amach romhainn. Ar aon nós, tá scéim na mbóithre áise curtha ar fionraí le roinnt blianta anuas. Tá geallta sa chlár Rialtais nua go dtabharfar scéim na mbóithre áise ar ais.

Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh scéim na mbóithre áise ag feidhmiú in éineacht leis an scéim feabhsaithe áitiúil ionas go mbeidh buntáiste ag pobail na Gaeltachta, seachas scéim amháin nó scéim eile a bheith ar fáil dóibh. B’fhéidir go mbeidh seans ag an Aire, an Teachta Calleary, an rud sin a réiteach nuair a bheidh sé ag freagairt na gceisteanna eile maidir leis an Roinn nua, a mbeidh freagracht na Gaeltachta faoina cúram. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sí in éineacht leis an scéim feabhsaithe áitiúil agus nach mbeidh sí ag glacadh a háite.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 431 words across 6 contributions by 2 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

scéim 16
mbeidh 12
mbóithre 6
áise 5
luath 5
gaeltachta 6
amach 6
chlár 4
feabhsaithe 3
nuair 5
cheist 5
bhóithre 3

The full debate

All 6 contributions, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

FF Aindrias Moynihan · Gaeilge

Is cúis mhór áthais é dúinn go bhfuil scéim na mbóithre áise geallta mar chuid den chlár Rialtais amach romhainn. Bhí mo chomhghleacaithe agus mé féin ag brú go mbeadh sí san áireamh. Beidh sí an-tairbheach do mhuintir na Gaeltachta nuair a chuirfear i bhfeidhm í. An bhféadfadh an tAire tuairisc a thabhairt ar an gcur chuige chun an scéim sin a chur i bhfeidhm, ar na treoirlínte agus ar aon tuairimíocht atá aige mar gheall ar rith na scéime sin?

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge

Tá an t-ádh ar an Aire, an Teachta Calleary, mar níl aon cheist faighte agam faoi láthair trí mheán an Bhéarla. Cé go bhfuil roinnt de na ceisteanna trí mheán na Gaeilge, tá mé ag déanamh mo dhícheall na ceisteanna a phlé amach.

Ar aon nós, tá scéim na mbóithre áise curtha ar fionraí le roinnt blianta anuas. Faoin scéim sin, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre cáilithe faoi leith sa Ghaeltacht. Idir an dá linn, bhí agus tá maoiniú ar fáil faoin scéim feabhsaithe áitiúil de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre neamhphoiblí agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil phoiblí orthu sa ghnáthbhealach. Tuigtear dom go gcaithfidh an bóthar i gceist a bheith ag dul chuig árais chónaithe, talamh feirme nó suíomh thaitneamhacha ar nós locha, aibhneacha nó tránna. Tá breis eolas le fáil ar shuíomh na Roinne sin.

Tá geallta sa chlár Rialtais nua go dtabharfar scéim na mbóithre áise ar ais. Níl aon mheicníocht chuige sin oibrithe amach go fóill, áfach. Beidh athbhunú na scéime ag brath, dár ndóigh, ar airgead a bheith curtha ar fáil chuige sin do na blianta amach romhainn trí phróiseas na Meastachán. Tuigfidh an Teachta nach bhfuil Meastachán 2026 fiú tosaithe go fóill.

FF Aindrias Moynihan · Gaeilge this contribution

Cuirfidh scéim na mbóithre áise go mór le hinfreastruchtúr agus le caighdeán maireachtála phobail na Gaelainne. Is é an chéad cúpla méadar den bóthar ar a mbíonn daoine ag taisteal gach maidin agus an píosa deireanach den bhóthar ar a mbíonn siad ag taisteal sa tráthnóna atá i gceist. Is deis é seo chun na píosaí sin a fheabhsú. Glacaim leis go bhfuil sé luath go leor go fóill. An bhfuil an tAire in ann a rá cé acu Roinn na Gaeltachta nó na comhairlí contae a bheidh ag láimhseáil na n-iarratas agus an srutha airgid seo? An bhfuil aon leagan amach nó aon tuairimíocht mar gheall air sin? Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh scéim na mbóithre áise ag feidhmiú in éineacht leis an scéim feabhsaithe áitiúil ionas go mbeidh buntáiste ag pobail na Gaeltachta, seachas scéim amháin nó scéim eile a bheith ar fáil dóibh.

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge

Níl mé in ann an cheist sin a fhreagairt. B’fhéidir go mbeidh seans ag an Aire, an Teachta Calleary, an rud sin a réiteach nuair a bheidh sé ag freagairt na gceisteanna eile maidir leis an Roinn nua, a mbeidh freagracht na Gaeltachta faoina cúram. Tuigim, áfach, cé chomh tábhachtach is atá an cheist sin maidir leis na mbóithre sna ceantair Ghaeltachta mar chaith mé tréimhse sa Ghaeltacht nuair a bhí mé i m’Aire Stáit leis an Teachta Moynihan agus leis an iarTheachta Creed agus an pobal i gCorcaigh. Mar sin, tuigim cé chomh tábhachtach is atá an scéim. Tá sé geallta sa clár Rialtas go n-aontófar an scéim sin go luath.

FF Aindrias Moynihan · Gaeilge

Tá an tAire tagtha chuig an chéad ábhar eile ansin nuair a deir sé go n-aontófar í go luath. Is dócha gurb í an cheist is mó atá ag a lán daoine ná cathain a bheidh an scéim ann. An bhfuil a fhios ag an Aire an bhfuil sé in aigne go mbeidh sí ar fáil i gcomhair an chéad cáinaisnéis eile agus go mbeidh daoine ábalta iarratais a dhéanamh in 2025 i gcomhair oibreacha, b’fhéidir, in 2026? Cé go nglacaim leis go bhfuil sé luath go leor fós agus nach bhfuil ach roinnt den obair tosaithe ar na scéimeanna nua agus ar spriocanna an chlár Rialtais a bhaint amach, is ceann an-tábhachtach í seo i gcomhair phobail na Gaeltachta go bhféadfaí a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

Is dócha go bhfuil an deis ann chun riachtanais na scéime a leagan síos. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sí in éineacht leis an scéim feabhsaithe áitiúil agus nach mbeidh sí ag glacadh a háite. Caithfidh go mbeidh sí ar fáil gan puinn sriana agus go mbeidh deis ag an-chuid de phobal na Gaeltachta í a chur i bhfeidhm.

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge

Tuigim an cheist. Mar a dúirt mé cheana féin, tá sé soiléir sa chlár Rialtais go mbeidh an t-ábhar sin réitithe ag an Rialtas. Ar an gcéad dul síos, is ábhar é a luíonn leis an Aire nua, an Teachta Calleary, agus é ag obair leis an Roinn caiteachais phoiblí i bpróiseas an bhuiséad. B’fhéidir go mbeidh seans aige nuair a bheidh sé ag labhairt sa Dáil agus ag freagairt ceisteanna níos mó eolais a chur os comhair na Dála mar a bhaineann leis an scéim seo.