Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht na ceiste tábhachtaí seo. Tá maoiniú ar fáil faoin gclár tacaíochtaí pobail agus teanga agus faoin gclár scéimeanna tacaíochta Gaeilge de chuid na Roinne chun tacú le tograí caipitil laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Is é cuspóir an chúnaimh chaipitil a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna seo an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le cuspóirí an straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
Faoin gclár tacaíochta pobail agus teanga, cuirtear cúnamh caipitil ar fáil do choistí agus eagraíochtaí Gaeltachta chun áiseanna pobail agus teanga a thógáil nó a uasgrádú. Faoi na scéimeanna tacaíochta Gaeilge, cuirtear maoiniú ar fáil do choistí pobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hionaid Ghaeilge a thógáil nó a athchóiriú. Áirítear naíonraí agus seirbhísí luathblianta mar ábhar iarratais inghlactha faoi na scéimeanna seo. Cuirtear tacaíochtaí sa bhreis ar fáil do thograí luathblianta sa mhéid is gur féidir maoiniú suas le 95% de chostais inghlactha a fháil do sheirbhísí luathblianta pobalbhunaithe atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Is féidir costais chaipitil chomh maith le costais ghairmiúla a bhaineann le comhairleoirí a fhostú a áireamh sna deontais seo.
Moltar dóibh siúd atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis an rannóg cuí i mo Roinn chun maoiniú féideartha a phlé sula gcuirtear aon iarratas foirmiúil isteach. Is féidir teacht ar bhileog eolais don dá scéim agus ar shonraí maidir leis an bpróiseas iarratais ar shuíomh Idirlíne mo Roinne. Má tá an Teachta ag iarraidh an t-eolas sin, seolfaidh mé chuige go díreach é. Maidir leis an Roinn leanaí, tá an clár Building Blocks ann ó thaobh cúrsaí chaipitil freisin.