Gabhaim buíochas leis an Teachta. Is fiú a thabhairt faoi deara go dtiteann freagracht as cúrsaí tithíochta ar bhonn ginearálta ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus nach bhfuil ach ról tánaisteach ag mo Roinn féin i mbeartas tithíochta. É sin ráite, tá soláthar tithíochta dóibh siúd atá ina gcónaí agus ag obair sa Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach dom. Go deimhin, tá tithíocht riachtanach chun an teanga, seirbhísí, fostaíocht, fiontraíocht agus deiseanna eile sa Ghaeltacht a fhorbairt. Agus é sin san áireamh, tá céimeanna tacaíochta á dtógáil chun na críche seo.
Tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 le tógáil ar Chéim na Tuarascála go gairid. Cé gurb é athbhunú toghchán bhord an údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht déanfar leasú sa Bhille ar alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta chun cead a thabhairt don údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta nó a dhiúscairt ar shlí eile chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht. Tá mé féin agus mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Browne, ag obair go dlúth lena chéile ar an gceist seo lenár gcuid oifigeach agus tá obair shuntasach déanta ag an Roinn ag forbairt ráiteas pleanála náisiúnta don Ghaeltacht. Tá sé beartaithe go bhfoilseofar an ráiteas pleanála náisiúnta don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 ach beidh sé ag tarlú roimhe sin.
I bplean tithíochta an Rialtais a fhoilsíodh le déanaí, gealltar an ráiteas a fhoilsiú agus moltar scrúdú a dhéanamh ar fhéidearthachtaí Údarás na Gaeltachta oibriú le hUisce Éireann agus le húdaráis áitiúla chun tacú le tithíocht a thógáil do phobail labhartha na Gaeilge. Reáchtáil mé cruinniú le gairid idir Údarás na Gaeltachta agus Uisce Éireann chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn gan dua maidir leis an fhéidearthacht seo a scrúdú. Is fiú a nótáil go bhfuil obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. Ní bheadh sé cuí béim agus fócas na heagraíochta i gcomhlíonadh an róil sin a laghdú. Beidh ról tánaisteach ach tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht i dteannta ról na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus go háirithe ról na n-údarás áitiúla.