◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2026-04-23

Oideachas Tríú Leibhéal

FF James Lawless · Kildare North · Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science · Gaeilge

Party shown is the one held on 2026-04-23, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Chun na críche sin, tacaíonn mo Roinn le hinstitiúidí ardoideachais faoi láthair, tríd an Údarás um Ard-Oideachas, trí mhaoiniú lárnach agus trí shruthanna maoinithe sonracha do thionscnaimh Ghaeilge. Léiríonn anailís a rinne an tÚdarás um Ard-Oideachas le déanaí go raibh 420 mac léinn ag déanamh cúrsaí go hiomlán trí Ghaeilge sa bhliain acadúil 2023/2024 agus 2,625 eile ag déanamh cuid dá gcúrsaí trí Ghaeilge, á spreagadh go mór ag cúrsaí san earnáil oideachais.

Tá an Roinn ag tacú le húsáid na Gaeilge ag an tríú leibhéal trí mhaoiniú a leithdháileadh ar institiúidí tríú leibhéal. Dáileadh €1.6 billiún ar institiúidí tríú leibhéal tríd an Údarás um Ard-Oideachas mar bhloc deontais chun tacú le soláthar oideachais tríú leibhéal lena n-áirítear soláthar don Ghaeilge.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 476 words across 7 contributions by 3 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

tríú 11
ghaeilge 13
leibhéal 11
gaeilge 12
léinn 8
trí 9
ard-oideachas 5
roinn 6
earnáil 5
hinstitiúidí 4
ngaeilge 5
isteach 6

The full debate

All 7 contributions, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

An bhfuil maoiniú breise chun a bheith tugtha do na hinstitiúidí tríú leibhéal chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil siad ag soláthar cúrsaí trí mheán na Gaeilge chun cuidiú leis an Stát an 20% atá leagtha síos ó thaobh earcú isteach sa Státchóras a shroicheadh?

FF James Lawless · Gaeilge

Is é sin an chéad cheist inniu toisc go bhfuil a lán daoine as láthair. In any event, aithníonn mo Roinn an ról tábhachtach atá ag an earnáil oideachais tríú leibhéal i dtaca le sprioc an Rialtais a bhaint amach, is é sin go mbeidh 20% d'earcaigh san earnáil phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.

Le hAcht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022 cuirtear oibleagáid reachtúil ar an Údarás um Ard-Oideachas tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun an Ghaeilge a mhúineadh, a chur chun cinn agus a úsáid. Chun na críche sin, tacaíonn mo Roinn le hinstitiúidí ardoideachais faoi láthair, tríd an Údarás um Ard-Oideachas, trí mhaoiniú lárnach agus trí shruthanna maoinithe sonracha do thionscnaimh Ghaeilge. Áirítear leis seo beagnach €1.8 milliún in aghaidh na bliana d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus €900,000 do thionscnaimh Ghaeilge níos leithne sna hollscoileanna.

Lasmuigh den earnáil ardoideachais, tá scileanna Gaeilge á gcur chun cinn freisin trí líonraí Skillnet Ireland, printíseachtaí agus cláir bhreisoideachais agus oiliúna. Cuireann sé sin uile leis an sprioc bheartais níos leithne maidir leis an nGaeilge a thacú i dtaobh úsáid na teanga go gairmiúil.

Maidir leis an bplean náisiúnta do sheirbhísí poiblí Gaeilge go sonrach, tá mo Roinn tiomanta go n-oibreoimid leis an earnáil oideachais tríú leibhéal agus le Ranna eile chun a chuspóirí a chur chun cinn. Áirítear leis an obair seo grúpa oibre earnála a bhunú, a mbeidh comhchathaoirleacht á déanamh air idir mo Roinn agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, chun breathnú ar bhealaí praiticiúla inar féidir leis na hearnálacha-----

CC Verona Murphy

I thank the Minister.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Ar a laghad tá tuiscint ann anois go bhfuil gá chun gníomh a dhéanamh agus díriú isteach ar an gceist seo. Tá roinnt de na hinstitiúidí tríú leibhéal ar an eolas faoin ngá díriú isteach ar an gceist, ach don chuid is mó tá siad ag caint faoi láthair ar modules a chur ar fáil sna cúrsaí, seachas go mbeadh an cúrsa iomlán i nGaeilge. Tá buntáiste ag an dá chóras, ach sa deireadh thiar thall, muna bhfuil an cúrsa ina iomláine trí Ghaeilge, déanann sé níos deacra do roinnt de na gairmeacha a chur i láthair i gceart as Gaeilge. Ní leor do dhochtúir a bheith in ann Gaeilge a labhairt. Is gá dóibh an t-eolas a bheith acu agus é a chur i láthair sa Ghaeilge theicniúil a bhainfeadh le dochtúir, innealtóir nó aon duine mar sin.

FF James Lawless · Gaeilge

Is minic a fhaighim an cheist ar cé mhéad mac léinn san ardoideachas a dhéanann staidéar ar an nGaeilge. Ní rud simplí é líon na mac léinn atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge sa tríú leibhéal a oibriú amach ós rud é go gcuirfear an Ghaeilge ar fáil mar ghné riachtanach i gcuid mhór clár, lena n-áirítear formhór na gclár comhchéime onóracha BA. Léiríonn anailís a rinne an tÚdarás um Ard-Oideachas le déanaí go raibh 420 mac léinn ag déanamh cúrsaí go hiomlán trí Ghaeilge sa bhliain acadúil 2023/2024 agus 2,625 eile ag déanamh cuid dá gcúrsaí trí Ghaeilge, á spreagadh go mór ag cúrsaí san earnáil oideachais. Ní áirítear leis na figiúirí seo, áfach, mic léinn atá cláraithe i gclár ginearálta BA inar féidir an Ghaeilge a thairiscint mar ábhar riachtanach.

SF Aengus Ó Snodaigh · Gaeilge

Deputy Aengus Ó Snodaigh: Táimid ag díriú isteach ar cheann de na ceisteanna go gcaithfimid mic léinn a mhealladh isteach sa chóras chun na hábhair seo a dhéanamh. Ní bhíonn a fhios acu. Níl an cúrsa ar fáil. Faoin am atá sé ar fáil, tá na mic léinn seo tar éis bogadh ar aghaidh. Mar shampla, bhíodh céim san iriseoireacht ann go hiomlán trí Ghaeilge. Níl sé ann a thuilleadh, in ainneoin go bhfuil TG4 againn anois agus tá fás i ngach uile gné den saol ó thaobh na meán cumarsáide. Tá roinnt réimsí ar féidir linn daltaí a mhealladh isteach ann an-tapa. Tógfaidh sé i bhfad Éireann níos faide do chinn eile. Caithfidh straitéis a bheith ann ionas go bhfuil a fhios againn go bhfuil innealtóirí, dochtúirí, lianna de shóirt eile, fiú garraíodóirí agus a leithéid, go bhfuil an tomhas acadúil acu as Gaeilge, ní díreach an Ghaeilge.

FF James Lawless · Gaeilge this contribution

Níor luaigh mé leis an Teachta Dála gur fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge sa King’s Inns at the time. Tuigim an pointe sin. Tá an Roinn ag tacú le húsáid na Gaeilge ag an tríú leibhéal trí mhaoiniú a leithdháileadh ar institiúidí tríú leibhéal. Dáileadh €1.6 billiún ar institiúidí tríú leibhéal tríd an Údarás um Ard-Oideachas mar bhloc deontais chun tacú le soláthar oideachais tríú leibhéal lena n-áirítear soláthar don Ghaeilge. Arís, dáiltear €900,000 gach bliain tríd an soláthar speisialta chun tacú le húsáid na Gaeilge i measc foirne agus mac léinn ag an tríú leibhéal. Leithdháiltear €1.76 milliún gach bliain ar Ollscoil na Gaillimhe chun tacú le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim é Gníomhaí Gaeilge do mhic léinn a bhfuil baint acu leis an nGaeilge ar an tríú leibhéal.