Táim an-sásta a bheith ar ais sa Seanad arís chun dá leasú iarmhartacha ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 a chur faoi bhráid an Tí tráthnóna. Pléifidh mé leasuithe iarmhartacha Uimh. 1 agus 2 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Is leasuithe riaracháin atá i gceist sa chás seo. Leis na leasuithe seo, níltear ach ag iarraidh botúin chló sa Bhille mar atá a cheartú. De réir na leasuithe seo a bheith aontaithe ag an Teach, táim ag súil go mbeidh an Bille achtaithe agus sínithe ag Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo chugainn. Molaim na leasuithe don Teach.