◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2022-02-24

Údarás na Gaeltachta

FF Aindrias Moynihan · Cork North-West · Gaeilge

Party shown is the one held on 2022-02-24, frozen at parse time — not the speaker's party today.

Summary of this debate

Auto-generated

Tá sé fíorthábachtach go mbeidh deis ag an bpobal a thuairimí a chur in iúl mar gheall ar an mbord agus ar an leagan amach a bheidh ann. Nuair atá an próiseas seo críochnaithe, beimid in ann an struchtúr nua a chur amach agus na ceisteanna agus na céimeanna eile a shoiléiriú. Pé rud a roghnófaí, tá sé tábhachtach go mbeidh gach ball ar chomhchéim agus go mbeidh deis ag an bpobal a ionadaithe féin a roghnú amach anseo.

Ina dhiaidh sin, beimid in ann an struchtúr nua a chur amach nuair a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe. Beimid in ann na céimeanna eile a fhoilsiú nuair a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe maidir leis an mbord eile. Táimid ag déanamh na hoibre sin anois agus nuair a bheidh an t-athbhreithniú foilsithe, beimid in ann na céimeanna eile a chur amach maidir leis an mbord nua.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 495 words across 6 contributions by 2 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

mbeidh 13
ann 13
comhairliúcháin 6
mbord 6
t-athbhreithniú 5
bheidh 7
bpobal 6
bord 10
deis 9
poiblí 6
bpróiseas 5
athbhreithniú 5

The full debate

All 6 contributions, start to finish, in the order they were made. The one you came here for is highlighted.

FF Aindrias Moynihan · Gaeilge

Tá an cheist seo dírithe ar bhord nua Údarás na Gaeltachta. Conas a bheidh na baill roghnaithe? Cén plean atá ann don athbhreithniú air sin? Cén leagan amach a bheidh air? An bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt air sin?

FF Jack Chambers · Gaeilge

Mar is eol don Teachta, luaitear sa chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus ar an bpróiseas roghnúcháin nó toghcháin i ndáil le bord an údaráis. Mar a bhaineann sé leis an athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin nó toghcháin i ndáil le bord an údaráis, cuireadh tús le gairid le comhairliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú. Tá sé seo á dhéanamh sa chaoi is go mbeidh an deis chuí ag páirtithe leasmhara agus ag an bpobal trí chéile a dtuairimí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Is féidir aighneacht a dhéanamh faoin ábhar idir seo agus an 25 Márta tríd an gceistneoir ina leith, atá ar fáil ar gov.ie , a chomhlánú agus a sheoladh chun na Roinne idir seo agus sin. Ós rud é gur comhairliúchán poiblí é seo, foilseofar na haighneachtaí a bhfaightear ar shuíomh Idirlín na Roinne in am tráth.

Comhthreomhar leis an bpróiseas sin, leanfaidh mo Roinn ag obair mar is cuí i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Poiblí i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú chun tabhairt faoin athbhreithniú foriomlán agus moltaí ina leith a sholáthar don Roinn maidir leis an ábhar. Is é an cuspóir trí chéile a chinntiú go mbeidh fáil ag an údarás ar an saineolas, ar na scileanna agus ar an ionchur pobail ábhartha agus cuí atá de dhíth le go mbeidh an bord in ann tacú le feidhmeannas an údaráis a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach ar leas na pobail Ghaeltachta a ndéanann an t-údarás freastal orthu.

Mar is eol don Teachta, faoi réir na bhforálacha ábhartha de na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, arna leasú faoi Acht na Gaeltachta, 2012, is ar feadh tréimhse chúig bliana a mhaireann ceapacháin ar bhord an údaráis de ghnáth. Ós rud é gur ceapadh an bord reatha i mí Eanáir 2018, tiocfaidh deireadh lena shaolré i mí Eanáir 2023. Is é seo an dara bord atá ceaptha faoi na socruithe reatha réamhluaite.

FF Aindrias Moynihan · Gaeilge this contribution

Tá sé fíorthábachtach go mbeidh deis ag an bpobal a thuairimí a chur in iúl mar gheall ar an mbord agus ar an leagan amach a bheidh ann. Gan dabht, sa tslí atá ann faoi láthair, níl an rogha ag an bpobal a ionadaithe féin a roghnú. Tá laige ansin agus tá laghdú ar an nasc idir an pobal agus na hionadaithe atá ann thar a gceann. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeidh an deis sin ag an bpobal. An bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt ar an tréimhse a bheidh ag an mbord nua? An mbeidh gach ionadaí ar an mbord sin ar chomhchéim? An mbeidh deis ag gach ionadaí freastal ar feadh na tréimhse céanna? Faoi láthair, tá ionadaithe ann ó Chorcaigh, ón Mí agus ó Phort Láirge atá srianta. Níl ach dhá bhliain acu ar an mbord. Cuireann sé isteach ar fheidhmiú an bhoird go bhfuil daoine ag athrú an t-am ar fad agus go bhfuil tréimhse ghairid ann. An bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt air sin?

FF Jack Chambers

Leis an bpróiseas comhairliúcháin poiblí, beidh deis ag gach duine ar fud na tíre páirt a ghlacadh sa phróiseas. Aontaím leis an Teachta go mbeidh sé an-tábhachtach deis a thabhairt do gach duine páirt a ghlacadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Mar is eol don Teachta, beidh an próiseas comhairliúcháin poiblí ag tosú go luath. Tá súil agam go mbeimid in ann an t-athbhreithniú a thosú chomh luath agus is féidir. Nuair atá an próiseas seo críochnaithe, beimid in ann an struchtúr nua a chur amach agus na ceisteanna agus na céimeanna eile a shoiléiriú. Beimid in ann na ceisteanna sin a fhreagairt i ndiaidh an phróisis seo.

FF Aindrias Moynihan

Mar a luaigh mé, beidh an bord reatha as feidhm in 2023. Tá an t-am sin ag druidim linn go tapa. Tá an próiseas comhairliúcháin tosaithe anois. An bhfuil tuairim ag an Aire Stáit ar cén fhad a thógfaidh an próiseas comhairliúcháin? An mbeidh an córas nua i bhfeidhm in am i gcomhair an chéad bhord eile a chur isteach in 2023? An bhfuil plean faoi leith chuige sin? Luafaidh mé arís an tslí ina bhfuil an nasc idir pobal na Gaeltachta agus an bord laghdaithe nuair nach bhfuil deis ag an bpobal a ionadaithe féin a roghnú. Dar ndóigh, ní raibh aon ionadaíocht ag roinnt acu ar feadh ceithre bliana agus is laige é sin. Pé rud a roghnófaí, tá sé tábhachtach go mbeidh gach ball ar chomhchéim agus go mbeidh deis ag an bpobal a ionadaithe féin a roghnú amach anseo. Cífimid cad a éireoidh as an bpróiseas comhairliúcháin, ach an féidir soiléiriú a thabhairt ar cén uair an mbeidh an bord nua ag teacht i bhfeidhm?

FF Jack Chambers

Tá nasc idir an bord agus an pobal agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh an phróisis seo anois chun deis a thabhairt do dhaoine páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí. Ina dhiaidh sin, beimid in ann an struchtúr nua a chur amach nuair a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe. Beimid in ann na céimeanna eile a fhoilsiú nuair a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe maidir leis an mbord eile. Táimid ag déanamh na hoibre sin anois agus nuair a bheidh an t-athbhreithniú foilsithe, beimid in ann na céimeanna eile a chur amach maidir leis an mbord nua. Tuigim, ámh, go bhfuil an bord seo críochnaithe an bhliain seo chugainn. Tá súil agam go mbeidh an t-athbhreithniú críochnaithe i rith an tsamhraidh agus beidh go leor míonna againn chun na céimeanna eile a chur i gcrích.