Tá ceist simplí agam. Cén uair a bheidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha ag an Rialtas? Sin cheist thar a bheith simplí. Tuigim an stair agus chomh tábhachtach is atá ról an choimisinéara. Tháinig sé os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go mion minic agus rinne sé agus a fhoireann obair na gcapall go leanúnach. Arís, cén uair a bheidh coimisinéir nua ceaptha ag an Rialtas?